Rock agus Roam - Dreapadóireacht Carraige

“An raibh fhios agat go raibh níos mo suíomhanna ata foirstéanach do dhreapadóiracht i nDún na nGall  na in áit ar bith eile in Éirinn?”

Bain sult as dreapadóireacht carraige ar bheanna chrochta oileán na Cruite, le Iain Miller, fear a bhfuil clú agus cáil air ní amháin sa  tír seo ach ar fud an domhan, i gcuideachta  le Aidan Mac Fhiongaile, dreapadóir áitiúl agus cainteoir dhúchais.

Seo deis iontach duit agus beidh na cuimhní leat go brách

Ní bheidh níos mo na 10 nduine in achan ghrúpa le cinntiú go bhfaighidh achan nduine an taithí is fearr. Thig le duine ar bith seo a dhéanamh, níl de dhíth ort ach péire trainers agus eadach compardach.

Cuirfear an dreapadóireacht in oiriúint do leibhéal ar bith .