Rock agus Roam An Cháisc/Easter - Speisíalta do theaghlaigh.

Rock agus Roam An Cháisc/Easter - Speisíalta do theaghlaigh.

Pacáiste iomlán do theaghlach 4 dhuine ar feadh 3 oíche, le eitiltí o BAC, 3 oíche B&B, eachtraíoch taobh amuigh gach lá, dreapadóireacht, cadhcáil farraige, seoltóireacht, marcaíocht capaill agus súil sléibhe, car ar chíos 3 lá, uilig ó €890. Gníomhachtaí uilig ar faíl leo féin chomh maith ó €50 do theaghlach..

Packages and single activity rates
An radharc ó oiléan Ghabhla.

An radharc ó oiléan Ghabhla.

Pacáiste faoi leith atá in Rock agus Roam, eachtraíoch agus cultúr gaeltacht Thír Chonaill,ar súil an deireadh seachtaine deireanach do achan mhí. Ach don Cháisc, tá pacáiste speisialta do theaghlaigh.

Mothaigh an t-aer glan folláin agus gabh i dtaithí ar an taobh tíre galánta atá againn anseo i gcontae aoibhinn Dhún na nGall. Beidh am ar dóigh agat nach ndéanfaidh tú dearmad air go brách. .

Glac páirt i ndreapadóireacht shuntasach aille ar bheanna farraige Dhún na nGall in éineacht le treoraithe gairmiúla, bain sult as cadhcáil farraige ar chósta fhian an Atlantach nó glac páirt i siúlóidí iontacha ar chnoic i nGleann Nimhe i gcuideachta treoraí oilte, agus cainteoirí dúchais uilig foirstineach do theaghlaigh.

Crohy head.

Crohy head.

Cadhcáil Farraige:

Glac páirt in cadhcáil farraige ar chósta fian an atlantach e radharc go dóighuil is chonaic tú I riamh. Bheirfaidh ar treoraí craobh domhanda James O’Donnell, an ghrúpa ar turas mhara ag taispeaint seoda ar an bhealach. Gheobhaidh tú blas do an saol ar an uisce, thart ar an chósta le radharcannaigh do na hoileain, uaimhe, carriage fíain agus beanna farraige.

Siúl Sléibhe:

Glac páirt sa siúlóid iontacha i nGleann Nimhe, áit a bhfeicfeidh tú (b’fhéidir) iolair ag eitilt agus go  leor eile, i gcomhluadar treoraí oilte, atá ina chainteoir dúchais Gaeilge. Radharcanna iontacha don Earagail, -aer glan follain, -mothaigh an gaoth ar daghaidh agus an chré faoi do chosa.
Bheirfidh do threoraí siúil neart deisanna le grianghrafanna  ar fheabhas a thógail. Péire maith bróga siúl agus eadach oiriúnach riachtanach.

Lugrig

Lugrig

Seoltóireacht:

Tabhair an teaghlach amach ar son lá seoltóireacht. Chuala gach duine faoi oileain Dhún na nGall, ach seo deis na hoileain seo a fheiceáil ar bhád seoltóireachta tradisiúinta. Rachaimid thart ar Ghola, Inis Oirthir agus Inis Meain. Beidh radharcanna ar fheabhas againn de na hoileain mhóra- Toraigh agus Árainn Mhór, beidh deis ann chomh maith siúlóid a ghlacadh  thart ar cheann acú, - tá súil again!.
Tá na hoileain seo aitheanta mar gheal ar na beanna farraige agus na huaimh atá orthú, -seoda ar an Atlantach lán  de stair agus oidhreacht. Ba chóir go bhfeicfimid deilfín, go leor éanlaith shuimúila agus rónta.

Gasóg áitíúil ag rópadóireacht anuas.

Gasóg áitíúil ag rópadóireacht anuas.

Dreapadóireacht Carraige:

“An raibh fhios agat go raibh níos mo suíomhanna ata foirstéanach do dhreapadóiracht i nDún na nGall  na in áit ar bith eile in Éirinn?”

Bain sult as dreapadóireacht carraige ar bheanna chrochta oileán na Cruite.

Seo deis iontach duit agus beidh na cuimhní leat go brách agus fóirstineach do páiste ó 3 bliain d'aois.

Thig le duine ar bith seo a dhéanamh, níl de dhíth ort ach péire trainers agus eadach compardach. Trealamh ulig curtha ar fáil.

Cuirfear an dreapadóireacht in oiriúint do leibhéal ar bith.

Rothaíocht:

Thig rothair leictreachas no hybrid a chuir ar fáil chomh maith le learscail agus an trealamh uilig. Gníomhacht iontach do teaghlaigh thart ar na rutai rothaíocht náisiuinta frid Crolly, Dún Luiche, Gaoth Dobhair agus Clochan Liath. In áiteanna caithfear rothaíocht ar bhealach mhór, bí molamid a bheith curamach. Ta trealamh speisialta ar fáil do páistí, cuir in áirithe go luath.

Pacáiste iomlán do theaghlach 4 dhuine ar feadh 3 oíche nó níos mo, le eitiltí ó BAC, lóistin B&B, eachtraíoch taobh amuigh gach lá, car ar chíos ó €890, 20-28 Áibreán 2014. Thuilleadh eolas agus cuir in áirithe fríd Moira@mng.ie nó cuir scairt ar 083 123 0529.

Beidh thuilleadh dátaí fríd a tsamhraidh do theaghlaigh, chomh maith le campa samhraidh do déagóirí.

 




Packages and single activity rates