9 Cúis theacht ag Rock agus Roam Seó Mór an Earraigh - 11ú & 12u Aibreán 2015

Téigh amach faoin aer agus sú isteach an nádúr, mothaigh an t-aer glan folláin agus gabh i dtaithí ar an taobh tíre galánta atá againn anseo i gcontae aoibhinn Dhún na nGall. Seo an dara bhliain do Seó Mór an Earraigh agus gabhann muid buíochas de achan nduine atá ag cuidiú linn Rock agus Roam a chuir chinn. Deis atá ann thaispeaint cé chomh maith agus atá caighdean na n-imeachtaí fríd eachtraíocht agus cultúir anseo sa Ghaeltacht!

Tá go leor cúis theacht ach seo 9'r:

1 - Glac páirt i ndreapadóireacht shuntasach aille ar bheanna farraige Dhún na nGall in éineacht le treoraithe gairmiúla, an raibh fhios agat go raibh níos mó carraige le dreapadh i nDún na nGall na áit ar bith eile sa tír? 

2 - Bain sult as Cadhcáil Farraige ar chósta fhian an Atlantach, thart ar na hóileáin, uiamhe, carraige fiain agus beanna farraige. 

3 - Glac páirt i siúlóidí iontacha ar chnoic i nGleann Nimhe i gcuideachta treoraí oilte agus cainteoirí dúchaise. Radharcanna iontacha don Earagail, -aer glan follain, -mothaigh an gaoth ar daghaidh agus an chré faoi do chosa. 

4 - In aon imeacht do chuid Rock agus Roam bíonn suas le15 gnó áitúil, idir na gníomhachtaí, lóistín, bia, síamsaíocht, iompair áitiúil, trearaoithe, ceardlanna, eagrú agus go leor eile. Tá sé ag tacú le eacnamíocht na háite, agus ma oibreann muid le cheile leis an scéal a scaipeadh, tiocfaidh níos mó daoine. 

5 - Deis atá an do chuid gaeilge a cleachtadh, a labhairt, nó foghlaim, amuigh faoi aer, ar na cnoic in éineacht le cainteorí eile. 

6 - Beidh oiche mhór síamsaíocht - beile deas trathnóna agus na dhiadh, go leor ceol agus damhsa gaelach le muintir na háite sa Gweedore Bar ar an Fhál Charrach. Oiche den scoth geallta. 

7 - Pacásite iomlán deireadh seachtaine atá i gceist, smaointigh muid ar achan rud, lóistín, bia, gníomhachtaí, iompar áitúil agus go leor eile.

8 - Ma smaointiú tú i riamh theacht ag an Ghaeltacht seo ceann de na imeachtaí is bríomhair i riamh. Deis bualadh le cáirde gaeil, ní bheadh fhios cé a chasfái ort agus beidh am ar dóigh agat nach ndéanfaidh tú dearmad air go brách.

9 - Cuireann mng pacáistí saoire ar fáil, a chuireann béim ar an chultúir agus eachtraíocht ag baint tairbhe as séirbhísí áitiúla agus acmhainní nádúrtha - Turasóireacht pobail atá i gceist. Beidh sibh ag cuidiú manna mng a chuir chun cinn. Má oibreann seo do mng, tá buntaiste ann do achan nduine i nDún na nGall go háirithe sa Ghaeltacht! Bígí linn. 

Is feidir Rock agus Roam a chuir ar fáil do grúpa de seisear nó níos mo. Ma tá imeacht speisíalta ag teacht aníos bí i dteagmháil faoi pacáiste pearsanta.

Tuilleadh eolas anseo.