Comhdáil 3 Lá i nDún Na nGall, ÉIRE Forbairt Shlí Cholmcille Dúchas & Pobal & Turásoireacht
Aoine 20 – Domhnach 22 Meitheamh 2014
Οstán Loch Altáin, Gort an Choirce & Oileán Thoraí
Á eagrú ag Urras Leabhraichean Nan Eilean i gcomhar le COLMCILLE
Cúlra
Insíonn Slí Cholmcille scéal Cholmcille, agus na naomh eile luath-Chríostaí a bhí ag imeacht idir Éire agus Albain sa mheánaois. Tá sí ina bealach oidhreachta agus turasóireachta an lá atá inniu ann. Nascann an tSlí an Ghaeilge agus an Ghàidhlig, agus a gcuid pobal, Éire agus Albain agus a gcuid daoine.
Mar a bhí an tsean-oilithreacht ina hócáid le heolas a chur ar an tsaol agus ar dhaoine agus pobail úra, tugann Slí Cholmcille deis eolas a chur ar áiteanna agus ar phobail úra, agus, do dhaoine áirithe eolas, úr a chur ar a gceantar féin. Áis atá inti a ndéanfaidh daoine a gcuid féin di. Tugann an chomhdháil daoine le chéile as Éirinn agus Albain agus amharcóidh sé ar fhorbairt Shlí Cholmcille
Tá an chomdháil á heagrú ag Urras Leabhraichean nan Eilean www.theislandsbooktrust.com, atá lonnaithe in Eilean Leòdhais agus a chuireann chun cinn tuiscint ar stair agus oidhreachta oileáin na hAlban fána gcomhthéacs Ceilteach agus Lochlannach, agus fána gcuid ceangal le hÉirinn. D’eagraigh an tUrras comhdháil faoi Shlí Cholmcille i Leòdhas i Meitheamh 2014. Tá taithí mhór againn ar bheith ag eagrú imeachtaí rathúla idirnáisiúnta a thugann cainteoirí acadúla agus saineolaithe agus pobail áitiúla i gceann a chéile. Tá cuireadh ar scoth na gcainteoirí le ceann a chur ar an diospóireacht. Beidh cuid de na cainteanna i nGaeilge nó i nGaeilge na hAlban le haistriú comhuaineach go Béarla. Beidh cuid de na cainteanna i mBéarla amháin.
Is féidir don té ar mian leis é béilte agus lóistín a shocrú mar ag praghas uile-chuimsitheach don té ar mian leis é, nó is féidir le daoine teacht agus íoc as seisiúin ar leith. Tuilleadh eolais: Moira Ní Ghallachóir nó moira@mng.ie
CUIR IN ÁIRÍTHE ANSEO