Súil leat trí na ciannta i nDún na nGall agus i nDoire 

An chéad lá :


Cruinniú fáiltithe in Óstán Loch Altan le cur i láthair ar an turas agus ar an am a bheas muid i gcuideachta a chéile ón Dr. Brian Lacey agus Moira Ní Ghallachóir ó mng.ie. Míneoidh Brian cúlra na n-áiteanna dtabharfaidh muid cuairt orthu mar chuid den turas i nDún na nGall agus i nDoire, áiteanna atá bainteach le scéal agus oidhreacht Colmcille. Níos moille caithfidh muid dinnéar fáiltithe i gcuideachta a chéile agus ina dhiaidh sin beidh léacht agus ceardlann ar leith ó Bhrian ag díriú ar “The various artistic literary and musical works associated with the saint”. Beidh neart deiseanna ann do dhaoine labhairt i ngrúpaí beaga agus plé a dhéanamh agus sinn ag cur tús lenár n-aistear trí na cianta.


An dara lá :


Beidh ár gcéad chuairt ar Ghartán, faoi threoir an Dr. Brian Lacey. Beidh muid ag taisteal inár gcóiste príobháideach go dtí an áit a rugadh Colmcille agus an áit inar tháinig sé i méadaíocht. Tá an ceantar seo breac le láithreacha beannaithe a bhfuil iomrá mór orthu, chomh maith le cuid mhór seod neamhchoitianta ar tháinig Brian orthu in imeacht na mblianta. Bhéarfaidh muid cuairt ar Leac na Cumha, an chloch mhiorúilteach ina bhfuil leigheas ar phian na deoraíochta agus, deir cuid, ar a raibh Eithne, máthair Cholmcille, nuair a thug sí ar an tsaol é. “Tá Brian ag dúil go mór leis an turas lae seo nó beidh sé in ann seoda gan iomrá a thaispeáint dúinn agus scéalta óna mhórstaidéar ar Cholmcille a insint dúinn,” arsa Moira ó mng.


Beidh tae maidine le bonnóga baile againn i dTeach agus Gailearaí Gléibe, ionad iomráiteach mar a mbeidh taispeántas ag Sara Lutis (ré Damien Hirst, Mark Quinn). Ansin tabharfaidh muid cuairt ar Ráth Cnó, mar a raibh cónaí ar theaghlach Cholmcille, deirtear, agus ar Thobar Eithne, tobar mháthair Cholmcille. Is sa cheantar seo a deirtear go bhfuil cré Ghartáin le fáil. Ar an taobh eile den loch tá áit eile a luaitear mar áit bhreithe Cholmcille i gCill Mhic Réanáin. An tráthnóna sin rachaidh muid ar ais chun an óstáin go ndéanfaidh muid ár scíste roimh an dinnéar. Beidh oíche aoibhnis againn le siamsa ó  An Crann Óg, banna ar dóigh a bhfuil bua ar leith cheoil acu a chuireann i láthair oidhreacht aoibhinn shaibhir chultúrtha agus cheoil na Gaeltachta. (Físeán)

An tríú lá :


Agus sinn ag leanstan lorg Cholmcille rachaidh muid trí dhúiche álainn an tseanchais  in iarthar Dhún na nGall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin go Gleann Cholm Cille le Féile Cholmcille a cheiliúradh. Is ceantar é seo a bhfuil an-eolas ag Brian air agus treoróidh sé sinn an lá ar fad inniu lena chinntiú go mbeidh cuairt againn ar fiú cuimhneamh air. Beidh an Turas bliantúil ar siúl, atá mar chuid den traidisiún láidir oilithreachta Críostaí in Éirinn. Ócáid mhór phobail atá sa Turas ach tagann turasóirí ó gach cearn den domhan le bheith páirteach. Siúlóid trí mhíle atá sa Turas iomlán, timpeall bhun Ghleann Cholm Cille agus tá 15 ula ann, idir shéadchomharthaí ársa agus chlocha snoite. Téann an chuid is mó de na clocha seo siar go dtí an t-ochtú céad. Glacann sé timpeall trí huaire an chloig an Turas a dhéanamh ach am a ghlacadh le machnamh a dhéanamh agus urnaí a rá ar feadh an bhealaigh.


*Fút féin atá sé páirt a ghlacadh sa Turas. Más ea gurbh fhearr leat bheith ag coimhéad air, nó do scíste a dhéanamh nó tiomáint fán ghleann, riarfaidh muid ar gach leibhéal cumais agus spéise. Beidh lón baile againn in An Chistin Caife san ionad turasóireachta cultúrtha áitiúil, Oideas Gael. Níos moille an tráthnóna sin déanfaidh muid ar mbealach ar imeallbhord Iarthar na hEorpa ar cheann de na bealaí is suaithinsí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, ag stopadh ag ionaid amhairc ar leith ag Trá an Airgid agus Málainn Bheag agus suas ar na haillte is airde san Eoraip, Sliabh Liag, áit a bhfuil oilithreacht Chríostaí ann le 1000 bliain, agus atá ina ionad eolais ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. An oíche sin  bainfidh muid sult as béile i mBialann Danny Minnie sa tsráidbhaile Gaeltachta Anagaire, bialann a bhfuil go leor duaiseanna bainte aici. I ndiaidh an dinnéir pillfidh muid ar an óstán agus cruinneoidh muid le chéile i dTeach Bhillie, Gort an Choirce, ceann de na tábhairní is sine sa cheantar, áit a mbeidh seisiún ceoil agus amhránaíochta fíorghaelach. Tá Teach Bhillie díreach taobh leis an óstán.

An ceathrú lá :

*Maidin shaor. Tiocfaimid i gceann a chéile ag meán lae. Bí ag dréim le cúpla seoid rúnda inniu - agus sinn ag baint taitnimh as an Ghaeltacht mar ba chóir í a bheith. 

Treoróidh Brian sinn ar chéad chuairt an lae inniu chuig Ardchros Eaglais Ráithe, radharc a bhainfidh an anáil díot. Léiríonn an ardchros seo dlúthcheangal leis an mhainistir is mó iomrá de chuid Cholmcille ar Oileán Í in Albain. Bhéarfaidh muid cuairt, chomh maith, ar reilig ársa Thulacha Beigile, a bhfuil stair Chríostaí agus oidhreacht chreidimh Cheilteach réamh-Chríostaí araon ann.
Beidh lón mall ann sa tSean-Bheairic, Ionad Cuartaíochta agus Oidhreachta an Fháil Charraigh. Beidh rogha ann am saor a ghlacadh le hamharc fríd an bhaile. Fágfaidh muid an Fál Carrach agus imeoidh muid linn ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a fhad le Cnoc Fola le cuairt a thabhairt ar Theach Mhuiris, teach ceann tuí traidisiúnta agus iarsmalann. Anseo feicfidh muid cuid de shean-nósanna agus sean-cheardaíocht Iarthuaisceart na hÉireann, taispeántas ar dhéanamh cléibh san áireamh. Ina dhiaidh sin beidh tae tráthnóna againn agus sinn ag breathnú amach ar oileáin na Gaeltachta. Aoibhinn ar fad!


Is é an stad deireanach den lá cuairt ar Chnoc na Naomh. De réir sheanchas na háite sheas Colmcille ar an chnoc seo lena chompánaigh, Fionán, Dubhthach agus Beaglaoch. Bí linn anseo go gcluine tú níos mó fá na seanscéalta a bhaineann leis an bhall naofa seo.


An cúigiú lá :


Rachaidh muid siar san am agus sinn ar an bhád chun an oileáin is iargúlta in Éirinn a bhfuil cónaí air. Tá Toraigh 9 míle amach ó chósta na hÉireann le go díreach 100 duine ann. Is fada daoine ina gcónaí ar an oileán agus tá láithreacha seandálaíochta ann ag dul siar go dtí an Iarannaois. Deirtear gur i dToraigh a chónaigh Balor Béimneach an tseanchais, rí ar leathshúil ar mharaigh a gharmhac, Lugh, sa deireadh é. I ndiaidh do Rí Thoraí féin fáilte a chur romhainn bhéarfaidh muid cuairt ar láithreacha na seanmhainistreacha, an T-Chros, beidh muid faoi dhraíocht ag stair agus seanchas oileán iomráiteach seo Cholmcille. Beidh treoraí áitiúil ó Thoraigh linn don lá chomh maith lenár dtreoraí féin, Brian. Féadann aíonna a shocrú, ar a gcostas féin, fanacht thar oíche agus níos mó de thraidisiúin agus de chultúr an oileáin a bhlaiseadh, a bhfuil clú agus cáil ar a chéilithe beoga agus a sheisiúin amhránaíochta Gaeilge. Mura socraíonn tú fanacht pillfidh muid go tírmór ag 5pm. Ligfidh muid ár scíste inár n-óstán, agus ina dhiaidh sin beidh oíche Ghaelach de cheol, amhráin agus damhsa.
*Tosóidh an chéad lá eile ag 11am.


An séú lá :


Inniu, an lá deireanach a bheas muid i gcuideachta a chéile, rachaidh muid go Doire na mballaí mar a dtabharfaimid ómós don stair agus leanfaidh muid bealach oilithreachta ón mheánaois. Bhéarfaidh muid cuairt ar Áras Cholmcille, ionad nua-oscailte, mar a bhfaighidh muid turas treoraithe agus lón, agus bhéarfaidh muid cuairt chomh maith ar eaglaisí i nDoire a bhfuil baint acu le scéal an Naoimh. Ansin, rachaidh muid soir ó chathair Dhoire, thar mhaolchnoic ghlasa, tránna fada gainimh agus Sliabh Speirín agus ar aghaidh go Léim an Mhadaigh le cuairt a thabhairt ar láthair Chomhdháil Dhroim Ceat. Tá ceangal láidir idir an ceantar seo agus beatha agus scéalta Cholmcille, a scríobh Adhamhnán, Ab Oileán Í 679-704 . Anseo bhéarfaidh muid cuairt ar a lán láithreacha sula bpillfimid. Ar an bhealach ar ais stopfaidh muid ag Grianán Ailigh, dún ársa idir Doire agus Leitir Ceanainn. Beidh tae againn ansin ag Óstán an Ghrianáin, a bhfuil a stair féin ag baint leis. Ar aghaidh linn ansin ar ais chun an óstáin, áit a mbeidh cóisir scaradh na gcompánach - oíche cheiliúrtha le scéalaíocht, amhráin Ghaeilge, ceol agus damhsa.

An seachtú lá  - Imeacht