Rock agus Roam - Seó mór an Earraigh! 11ú & 12ú Aibreán 2015. 

Mothaigh an t-aer glan folláin agus gabh i dtaithí ar an taobh tíre galánta atá againn anseo i gcontae aoibhinn Dhún na nGall. Beidh am ar dóigh agat nach ndéanfaidh tú dearmad air go brách. Glac páirt i ndreapadóireacht shuntasach aille ar bheanna farraige Dhún na nGall in éineacht le treoraithe gairmiúla, bain sult as cadhcáil farraige ar chósta fhian an Atlantach nó glac páirt i siúlóidí iontacha ar chnoic i nGleann Nimhe i gcuideachta treoraí oilte, agus cainteoirí dúchais. Seo an dara bhliain do Rock agus Roam ag cur imeachtaí ar fáil agus tá  Seó Mór an Earraigh ag iarraidh a thaispeaint cé chomh  maith agus atá caighdean na n-imeachtaí  atá againn anseo sa Ghaeltacht!

Cleachtaigh do chuid Gaelige amuigh faoi aer, ar na cnoic, agus san oiche bain sult as seisúin ceol agus damhsa gaelach. Tá go leor ar siúl le achan nduine a shásadh. Pacásite iomlán atá i gceist, smaointigh muid ar achan rud. Tá neart suime a leiriú faoi láthair, agus mar sin de, moltar duit d’áit a chur in áirithe go luath.

Ní bheadh a fhios agat cé a chasfaí ort!