Ar theip ort an deis a thapú an mhí seo a chuaigh thart? Seo deis eile!

Mar chuid de 'Goitse go Gaoth Dobhair' agus Féile Ghabhla, beidh Rock agus Roam ar siúl an deireadh seachtaine, 28 agus 29 Meitheamh 2014.

Bain triail as dreapadóireacht, surfáil gaoithe agus seoltóireacht ó €10 an duine!
 

Radharc oileán Ghabhla

Radharc oileán Ghabhla

Beidh an fhoireann s'againne ar Oileán Ghabhla an lá ar fad Dé Sathairn, 28 Meitheamh, fá choinne dreapadóireacht creagacha. Caithfear áit a chur in áirithe roimh ré, seisiúin 2 uair a' chloig i ndiaidh a chéile ar fud an lae. €10 an duine (grúpa do 5)

"Tá muid ag inse duit nach ndéanfaidh tú dearmad go deo de! Níl le déanamh agat ach do chos a chur isteach ar an bhád ag Cé Úr Mhachaire Gathláin, éadaí breá compordach scaoilte a chur ort agus mothóidh tú beo beathach idir anam agus chorp!"

Seo deis ar leith atá agat anois le triail a bhaint as an dreapadóireacht creagacha ar Oileán Ghabhla. Cuirfear gach trealamh ar fáil. Éadaí compordacha agus bróga reatha tábhachtach.

De Domhnaigh 29ú Surfáil Gaoithe €10 an duine - grúpaí do 3 i nGaoth Dobhair.

Seoltóireacht thart ar na hoileáin bheaga, ag an 11in agus ag 2in – treimhse 2 uair. Fágail ó ché a Bhun Bheag. €30 an duine, no beirt ar €50. 

**Caithfear cuir in áirithe roimh ré**

Gabh i dteagmháil le Moira le tuilleadh eolais a fháil ach scairteadh ar 083 123 0529 nó ríomhphost a chur chuig moira@mng.ie.